Tá sé deimhnithe ag Tusla, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, nach bhfoilseoidh siad an t-athbhreithniú atá siad a dhéanamh ar chás Kyran Durnin, an buachaill óg as Co Lú atá ar iarraidh le suas le dhá bhliain agus a chreidtear atá marbh.
Baineann an t-athbhreithniú leis an gcaidreamh a bhí ag Tusla le Kyran agus lena theaghlach sular tugadh le fios do na Gardaí i ndeireadh mhí Lúnasa seo caite go raibh sé ar iarraidh.
Tá bailchríoch á chur ag Tusla ar an athbhreithniú faoi láthair agus tá siad lena chur faoi bhráid an Aire Leanaí Roderic O'Gorman as seo go ceann cúpla lá.
I ráiteas, dúirt an ghníomhaireacht leanaí nach bhféadtar an t-athbhreithniú a fhoilsiú faoi láthair mar go bhfuil fiosrúchán ar bun ag na Gardaí faoinar bhain do Kyran agus mar gheall ar a íogaire atá an cás.
Tá faisnéis phearsanta san athbhreithniú a chaitear a choinneáil faoi rún chomh maith, a dúradh sa ráiteas.
Tá tuarascáil eile dréachtaithe maidir le heolas a bhí ag rannóg tacaíochta oideachais Tusla agus tá sé sin le seoladh chuig an Aire Oideachais Norma Foley go gairid.
Dhearbhaigh Tusla an tseachtain seo caite go raibh teagmháil acu le Kyran Durnin agus lena theaghlach san am a caitheadh.
Dúirt an ghníomhaireacht leanaí chomh maith gur chuir siad in iúl do na Gardaí breis agus dhá mhí ó shin go raibh imní mhór orthu faoin mbuachaill.
Níl tásc ná tuairisc ar Kyran Durnin le suas le dhá bhliain, tráth a bhí sé thart ar shé bliana d'aois.
Chuardaigh na Gardaí iartheach cónaithe an teaghlaigh i nDún Dealgan an tseachtain seo caite ach ní dúirt siad cad a fuair siad ann, má fuair siad aon ní.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ