Tá sé deimhnithe nár gortaíodh aon duine nuair a thuirling roicéad i mbunáit Óglaigh na hÉireann i ndeisceart na Liobáine aréir.
Tá na céadta saighdiúirí as Éirinn lonnaithe sa bhunáit, dá ngairtear Campa na Seamróige, mar a bhfuil siad ar fianas síochána leis na Náisiúin Aontaithe.
Tá Campa na Seamróige suite tuairim is seacht gciliméadar ón teorainn le hIosrael agus tá sé an-ghar do shráidbhailte atá, nó a bhí, faoi smacht Hezbollah.
Dúirt Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leifteanant-Ghinearál Seán Clancy, gur ag teacht aduaidh a bhí an roicéad nuair a bhuail sé an bhunáit.
Tuigtear gur roicéad Katusha de dhéantús na Rúise a bhí ann.

Ag labhairt dó i mBaile Átha Luain ar maidin inniu, thug an Ceann Foirne le fios gur roicéid neamhstiúrtha den chuid is mó a theilgtear sa réigiún agus dúirt nach mbaineann siad sprioc amach go minic.
Dhearbhaigh sé freisin gur thuirling an roicéad i gcuid den bhunáit nach mbíonn aon duine ann go hiondúil agus nach ndearna sé ach miondíobháil don talamh.
Tá saighdiúirí Iosraelacha ag gníomhú cóngarach do Champa na Seamróige ó rinneadh siad ionradh ar an Liobáin i dtús na míosa seo.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ