skip to main content

Daoine sáinnithe i gcónaí i gceantair iargúlta sa Spáinn

Maoin fágtha ina sceathrach ag na tuilte i mbaile Alfafar i réigiún València, 31 Deireadh Fómhair 2024
Maoin fágtha ina sceathrach ag na tuilte i mbaile Alfafar i réigiún València, 31 Deireadh Fómhair 2024

Tá lucht tarrthála in oirthear na Spáinne i muinín a gcroí ag féachaint le dul chomh fada le daoine atá sáinnithe i gcónaí i gceantair iargúlta i réigiún València tar éis na maidhmeanna móra tuile a tharla ansin arú inné.

Áirítear 158 duine a bheith maraithe de bharr na dtuilte a mhaidhm isteach go tobann ar mhuintir an réigiúin i ndiaidh thuairt ollmhór bháistí nach raibh coinne ar bith leis.

I mbaile Chiva, cuir i gcás, thit an méid céanna báistí i gcaitheamh ocht n-uaire an chloig agus a thitfeadh i gcaitheamh bliana de ghnáth.

Go deimhin, bhí an rabhartha chomh láidir in áiteanna is gur chart sé droichid, ballaí daingne agus leoraithe.

Obair ghlantacháin in Alfafar, 31 Deireadh Fómhair 2024

Ar ámharaí an tsaoil, bhí sé ar a gcumas ag roinnt daoine greim docht a choinneáil ar chrainn agus ar chuaillí eile a bhí in aice láimhe nó gur thráigh an tuile beagán.

Streachail daoine eile in éadan na tuile agus d'éirigh leo dul in airde ar dhíonta tithe agus ar ghluaisteáin nó gur thug lucht tarrthála slán iad i héileacaptair.

Scuabadh neart daoine chun siúil freisin, áfach – ní heol fós cé mhéad go baileach.

Bean á tabhairt slán i héileacaptar leis na seirbhísí tarrthála

Chomh maith leis na seirbhísí éigeandála lánaimseartha, tá os cionn míle saighdiúir páirteach san obair tharrthála.

Tá sé ag dul rite leo, áfach, dul isteach i roinnt ceantar scoite, mar a bhfuil na bóithre faoi uisce i gcónaí nó folaithe ag láib.

Tá cuid mhór línte cumhachta agus cumarsáide gearrtha sna háiteanna sin freisin.

Tá amhras á chaitheamh ar éifeachtúlacht na n-údarás éigeandála sa Spáinn ós rómhall a thug siad fógra faoin tubaiste a bhí le teacht.

Bhí sé ag báisteach mar a bheadh sé as béal soithigh agus bhí roinnt bailte faoi uisce le dhá uair a chloig faoin am a d'eisigh an ghníomhaireacht cosanta sibhialta fógra aimsire tráthnóna Dé Máirt.

Ní raibh anaimsir mar í sa Spáinn ó 1973, tráth a maraíodh 150 duine de bharr maidhmeanna móra tuile a tharla in oirdheisceart na tíre.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ