skip to main content

Fear agus bean cúisithe i ndúnmharu Gerard Kennelly i gCo Chiarraí

Gerard Kennelly a sádh agus a maraíodh i gCo Chiarraí i mí na Bealtaine seo caite
Gerard Kennelly a sádh agus a maraíodh i gCo Chiarraí i mí na Bealtaine seo caite

Tugadh fear agus bean os comhair Chúirt Dúiche Lios Tuathail i gCo Chiarraí inniu agus iad cúisithe i bhfear 44 bliain d'aois a dhúnmharú sa chontae sin i mí na Bealtaine seo a chuaigh thart.

Is iad an bheirt Kieran Brady, 35 bliain, as Áth an tSléibhe i gCo Luimnigh agus Abigail Lynch, 22 bliain, as an Tairbeart i gCo Chiarraí.

Tá an bheirt cúisithe i ndúnmharú Gerard Kennelly a sádh i sráidbhaile Chnoc an Iúir, deich gciliméadar soir ó Lios Tuathail, ar an 27 Bealtaine.

Tugadh le fios sa chúirt nach ndúirt ceachtar acu aon ní nuair a cúisíodh iad sa dúnmharú.

Cuireadh na cúisithe siar faoi choinneáil go dtí Dé Céadaoin seo chugainn, tráth a thabharfar iad os comhair Chúirt Dúiche Thrá Lí.

D'ordaigh an Breitheamh David Waters aon chúram leighis a bhí de dhíth ar Abigail Lynch a chur ar fáil di agus í faoi choinneáil.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ