Tá pardún oifigiúil iarbháis faighte ó Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins ag beirt fhear a ciontaíodh san éagóir i ndúnmharú breis agus 140 bliain ó shin.
Crochadh Sylvester Poff agus James Barrett i mBeairic Bhaile an Mhuilinn i dTrá Lí i gCo Chiarraí i mí Eanáir 1883 faoi dhúnmharú Thomas Browne, feirmeoir a lámhachadh agus é ag obair ar a fheirm i nDrom Ultáin trí mhí roimhe sin.
Bhí Sylvester Poff 35 bliain d'aois agus bhí James Barrett 21 bliain. Col ceathracha a bhí iontu.

Ag searmanas in Áras an Uachtaráin inniu, dúirt an tUachtarán Higgins go raibh sé thar am fíorscéal na beirte a thaifeadadh go hoifigiúil.
Cé nach féidir ar tharla a athrú, arsa sé, is féidir an éagóir ollmhór a rinneadh ar Sylvester Poff agus James Barrett a chur os comhair an tsaoil.
Níl ann ach an ceathrú huair a lamháladh pardún iarbháis Uachtaránachta ó bunaíodh an Stát.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ