skip to main content

Téarmaí príosúin gearrtha ar bheirt fhear faoi chailín a éigniú

Cuireadh an bheirt fhear ar a dtriail sa Phhríomh-Chúirt Choiriúil
Cuireadh an bheirt fhear ar a dtriail sa Phhríomh-Chúirt Choiriúil

Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, gearradh téarmaí fada príosúin ar bheirt fhear faoi chailín sé bliana déag d'aois a éiginiú i gCill Dara ceithre bliana go leith ó shin.

Cúig bliana déag príosúin a gearradh ar dhuine den bheirt, Joseph Byrne, atá 44 bliain d'aois agus arb as an gCorrchoill i gCo Chill Dara é.

Phléadáil sé neamhchiontach san éigniú agus níor ghlac sé le breithiúnas an ghiúiré.

Trí bliana déag go leith sa phríosún an phianbhreith a gearradh ar an duine eile, Patrick Kelly, atá 22 bliain d'aois agus arb as an gCorrchoill é chomh maith.

Phléadáil seisean neamhchiontach san éigniú ar an gcéad dul síos ach d'athraigh sé a phléadáil i dtús na trialach.

Thug sé le fios gur ar son an chailín a phléadáil sé ciontach ar deireadh, le nach gcaithfeadh sí croscheistiú abhcóide a fhulaingt, a dúirt sé.

Cuireadh an dá bhliain dheireanacha dá théarma príosúin siúd ar fionraí.

Éigníodh an cailín roinnt uaireanta i gceithre áit éagsúla i mbaile Chill Dara lá amháin – ní heol cén dáta – idir Márta 2020 agus Meitheamh 2020.

Gluaisteán, teach cónaithe Joseph Byrne agus dhá pháirc éagsúla na ceithre áit a bhí i gceist.

Sa ráiteas a thug an cailín do na Gardaí ag an am, thug sí le fios gur caitheadh léi mar bhábóg cheirteacha agus dúirt leo go raibh pian mhór uirthi.

I ráiteas tionchair íospartaigh a léigh sí sa chúirt ar nasc físe inniu, dúirt an cailín – ar bean 21 bliain d'aois anois í – gur ollphéisteanna a shamhlaíonn sí ina cuid brionglóidí is ea an bheirt fhear.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ