skip to main content

100 duine maraithe de bharr tuilte in oirthear na Spáinne

Gluaisteáin carnaithe i mullach a chéile tar éis na maidhmeanna tuile in València
Gluaisteáin carnaithe i mullach a chéile tar éis na maidhmeanna tuile in València

Áirítear beagnach 100 duine a bheith maraithe de bharr maidhmeanna tuile a tharla in oirthear na Spáinne inné, dar le hurlabhraí ó rialtas réigiúnach València.

Fronta fuar aimsire a leath ar fud an réigiúin ba chionsiocair leis na tulcaí báistí a thit ann de ruathar agus go caiseach.

Bhí leibhéal na fearthainne chomh hard le 200 milliméadar in áiteanna.

Léiríonn íomhánna a postáladh ar na meáin shóisialta gur sáinníodh go leor daoine san áit a raibh siad nuair a réab na tuilte isteach orthu.

B'éigean do dhaoine greim daingean a choinneáil ar chrainn agus gach saghas cuaille ionas nach scuabfaí chun siúil iad.

Tháinig na seirbhísí éigeandála i gcabhair ar a lán acu agus tugadh as an nguais iad i héileacaptair.

Lorg na maidhmeanna tuile in València

Ina dhiaidh sin féin, tuairiscítear go bhfuil neart daoine sáinnithe ag na fuarlaigh i gcónaí, go háirithe in áiteanna iargúlta, agus deirtear nach bhfuil sé d'acmhainn ag na seirbhísí éigeandála dul chomh fada leo faoi láthair.

Ar an ábhar sin, táthar ag súil go rachaidh aonad speisialta tarrthála ó Arm na Spáinne i gcomhar leis na seirbhísí éigeandála gan mhoill.

Chomh maith leis na daoine a maraíodh, tá an-díobháil déanta ag na tuilte do bhonneagar an réigiúin agus tá slad déanta ar bharra.

Deir saineolaithe gur de dheasca athrú aeráide a bhíonn aimsir mhínádúrtha ann níos minice ar na saolta seo.

Tá uisce na Meánmhara ag éirí níos teo an t-am ar fad, tá níos mó uisce á ghalú dá bharr agus tá tuairteanna báistí sa réigiún níos troime ná mar a bhí riamh mar thoradh air sin, dar leis na meitéareolaithe.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ