Tugadh fear 33 bliain d'aois os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Bhlainséir inniu agus é cúisithe i dtaca le bás fir a bhfuarthas a chorp i dteach i Leamhcán in iarthar Bhaile Átha Cliath arú inné.
Tá Tomas Cypas as Páirc an tSeandroichid i Leamhcán cúisithe in ionsaí a dhéanamh ar Juris Kokenbergs ar bhain díobháil thromchúiseach dó dá dheasca.
Fuarthas corp Juris Kokenbergs i dteach i bPáirc an tSeandroichid ag thart ar 8 a chlog ar maidin Dé Luain seo caite.
Bhí sé 49 bliain d'aois agus ba as an Laitvia dó ó dhúchas.
Rinne aturnae Tomas Cypas iarratas ar bhannaí ar a shon ach dhiúltaigh an breitheamh é.
Ceadaíodh saorchúnamh dlí don chúisí agus cuireadh siar faoi choinneáil é go dtí Dé Máirt seo chugainn, tráth a thabharfar é os comhair Chúirt Dúiche Chnoc na Seamar.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ