skip to main content

Rialtas Iosrael i ndáil chomhairle faoi shos comhraic sa Liobáin

Lorg na buamála a rinne aerfhórsa Iosrael ar Shiodón i ndeisceart na Liobáine, 30 Deireadh Fómhair 2024
Lorg na buamála a rinne aerfhórsa Iosrael ar Shiodón i ndeisceart na Liobáine, 30 Deireadh Fómhair 2024

Tuairiscítear go bhfuil comhaireacht chogaidh Iosrael i ndáil chomhairle faoi shos comhraic a chur i bhfeidhm sa Liobáin.

Dheimhnigh duine de na hairí go bhfuil comhráite ar bun le súil deireadh a chur go sealadach leis an gcogaíocht idir na hIosraelaigh agus Hezbollah i ndeisceart na Liobáine.

Tuigtear gur sos comhraic 60 lá a bheadh ann ach glacadh a bheith ag Hezbollah le héileamh na nIosraelach i dtosach.

De réir na dtuairiscí, bheadh ó na hIosraelaigh go dtarraingeodh fórsaí Hezbollah siar 30 ciliméadar ón teorainn le hIosrael agus Arm na Liobáine a theacht ina n-áit.

Ina cheann sin, ba mhian leis na hIosraelaigh 'struchtúr idirghabhála idirnáisiúnta' a bheith ann lena chinntiú go gcuirfí an sos comhraic i bhfeidhm, ach cead a bheith acu féin ag an am céanna dul i muinín an fhornirt arís dá mbagrófaí orthu.

Níl sé soiléir faoi láthair cén sórt 'struchtúir idirghabhála idirnáisiúnta' atá ar intinn ag na hIosraelaigh ó tá saighdiúirí síochána na Náisiún Aontaithe ar fianas sa réigiún cheana féin.

Níl aon ghlacadh ag na hIosraelaigh le dlisteanacht na Náisiún Aontaithe sa Liobáin, áfach – a mhalairt ar fad.

Tá roinnt ionad leis na Náisiúin Aontaithe sa Liobáin ionsaithe ag fórsaí Iosrael ó rinne siad ionradh ar an tír sin mí ó shin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ