Tá traein ag imeacht idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste agus ar ais arís gach uair an chloig ó inniu, seirbhís úr a threiseos an geilleagar uile-Éireann, dar leis an Taoiseach Simon Harris.
Tá infheistíocht €25 milliún déanta ag Rialtas na hÉireann sa tseirbhís nua agus is iad Ciste an Oileán Chomhroinnte/Roinn an Taoisigh agus an Roinn Iompair atá á mhaoiniú.
Beidh 30 traein ag imeacht idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste agus ar ais arís gach lá idir an Luan agus an Satharn feasta. Sé thraein déag a bhí ann roimhe seo.
Beidh sé thraein déag ag imeacht idir an dá chathair ar an Domhnach, seachas an dá thraein déag a bhí ann roimhe seo.
Dúirt an Taoiseach go léiríonn an tseirbhís nua an tairbhe is féidir le daoine ar dhá thaobh na teorann a bhaint as Comhaontú Aoine an Chéasta.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ