Tuairiscítear gur maraíodh 93 duine ar a laghad agus gur gortaíodh 150 duine eile in ionsaí buamála a rinne aerfhórsa Iosrael ar fhoirgneamh cónaithe ceithre stór i mbaile Beit Lahiya i dtuaisceart Gaza.
De réir aireacht sláinte Gaza, tá fiche leanbh i measc na marbh agus tá roinnt daoine eile ar iarraidh.
Dúirt seirbhísí éigeandála Gaza inné go raibh thart ar 100,000 faoi léigear agus sáinnithe i mbailte Beit Lahiya, Beit Hanoun agus Jabalia gan riar a riachtanais acu.
Sa Liobáin, tuairiscítear gur maraíodh 60 duine ar a laghad agus gur gortaíodh 58 duine eile i ruathair bhuamála a rinne na hIosraelaigh ar roinnt ceantar in oirthear Ghleann Bheiceá.

Dúirt aireacht sláinte na Liobáine go raibh beirt pháistí ar a laghad i measc na marbh.
Tá 1,700 duine ar a laghad maraithe ag fórsaí Iosrael sa Liobáin le mí.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ