Tá an Rialtas le scéim nua chúitimh a bhunú ar bhonn píolótach ar son daoine a chaith a gcuid airgid féin ag cur caoi ar árasáin nár tógadh mar ba cheart.
Thart ar 100,000 árasán a tógadh idir 1991 agus 2013 atá i gceist, árasáin dhá urlár san áireamh.
Meastar luach idir €1.5 billiún agus €2.5 billiún a bheith san obair dheisiúcháin ar fad.
Deir grúpa ionadaíochta na n-úinéirí gur chaith daoine thart ar €25,000 an duine ar an meán ag cur caoi ar a gcuid árasán.
Lochtanna struchtúra a bhain le sábháilteacht ó dhóiteáin agus le ligean uisce, cuir i gcás, ba mhó a bhí i gceist.
Ceaptar lochtanna mar iad a bheith in idir 50% agus 80% de na hárasáin.
Deir an grúpa ionadaíochta gur maith agus gur mithid an scéim chúitimh a bhunú tar éis gur chuir oifigigh i Ranna Rialtais áirithe go láidir ina aghaidh.
Aitheantas atá ann, a deir siad, go raibh cuid den mhilleán faoin drochobair thógála ar an Stát mar nár cuireadh na rialúcháin i bhfeidhm mar ba cheart i gcaitheamh na mblianta diomailteacha úd.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ