Tugadh fear 41 bliain d'aois os comhair Chúirt Dúiche Loch Garman inniu agus é cúisithe i ndúnmharú fir a bhfuarthas a chorp sa chontae sin Dé Domhnaigh seo caite.
Tá Christopher Judge as Páirc na Dara, Cluain Ard, i Loch Garman cúisithe i ndúnmharú Stephen Ring a bhí 27 bliain agus a bhí ar iarraidh ar feadh dhá lá dhéag nó gur thángthas ar a chorp i gCairéal Charraig an Phoill, sé chiliméadar siar ó bhaile Loch Garman, arú inné.
Tugadh bean 34 bliain os comhair na cúirte inniu freisin agus í cúisithe i gcuidiú le coir agus ina neartú.
Sin í Jane Corcoran a bhfuil an seoladh baile céanna aici le Christopher Judge.
Tugadh le fios sa chúirt nach ndúirt ceachtar den bheirt chúisithe aon ní nuair a cuireadh na cionta ina leith i Stáisiún Gardaí Loch Garman aréir.
Ceadaíodh saorchúnamh dlí don bheirt agus cuireadh siar faoi choinneáil iad go dtí Dé Luain seo chugainn, tráth a thiocfas siad os comhair na cúirte arís ar nasc físe.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ