skip to main content

Cosc Iosrael ar ghníomhaireacht fóirithinte cáinte go láidir

Daoine in an-ghátar taobh amuigh den aon bhácús amháin atá fanta in Deir al-Balah, Gaza, 25 Deireadh Fómhair 2024
Daoine in an-ghátar taobh amuigh den aon bhácús amháin atá fanta in Deir al-Balah, Gaza, 25 Deireadh Fómhair 2024

Cáineadh go forleathan cinneadh pharlaimint Iosrael cosc a chur ar ghníomhaireacht fóirithinte na Náisiún Aontaithe feidhmiú sa tír sin agus in oirthear Iarúsailéim.

De réir dlí nua a ritheadh sa pharlaimint inné, is "eagraíocht sceimhlitheoireachta" anois é an ghníomhaireacht.

D'fhágfadh an cinneadh nach mbeadh cead isteach sna críocha Palaistíneacha bealach Iosrael ag an eagraíocht.

Ní bheadh cead ach oiread aon obair eagrúcháin agus riaracháin a dhéanamh in Iosrael.

Dar le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe António Guterres go bhféadfadh sé gur iarsmaí uafásacha a leanfadh an cinneadh dá gcuirfí i bhfeidhm é agus dúirt gur dídeanaithe sna críocha Palaistíneacha a bheadh thíos leis.

Ina cheann sin, arsa sé, bheadh sé ní ba dheacra réiteach a fháil ar an ngéarchéim sa Mheánoirthear trí chéile mura bhféadfaí freastal ar bhunriachtanais dhaonna na bPalaistíneach.

Dúirt António Guterres freisin go gcuirfeadh sé an scéal os comhair Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe.

Dúirt an Taoiseach Simon Harris gur cheart do gach ballstát de na Náisiúin Aontaithe cinneadh na nIosraelach a cháineadh.

Obair ríthábhachtach a dhéanann an ghníomhaireacht fóirithinte sna críocha Palaistíneacha, obair nach bhféadfaí a dhéanamh dá gcuirfí an cosc i bhfeidhm, arsa sé.

Thug urlabhraí ón ngníomhaireacht féin le fios go bhféadfadh an gréasán fóirithinte in Gaza titim as a chéile mura mbeadh cead isteach ann bealach Iosrael.

Dúirt sí nach raibh aon eolas aici faoi láthair ar conas a chuirfí an cosc i bhfeidhm.

Tá sé tugtha le fios ag na Náisiúin Aontaithe cheana go mb'fhéidir go raibh naonúr a bhí ag obair don ghníomhaireacht in Gaza páirteach sa mhórionsaí a rinne Hamas ar dheisceart Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair anuraidh inar maraíodh thart ar 1,200 duine.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ