Deir na póilíní i mBéal Feirste go bhfuil siad ag breathnú ar an damáiste a rinneadh do phortráid d'iarmhéara na cathrach mar choir fuatha.
Baineann an scéal le portráid den iarmhéara Wallace Browne ón DUP atá ar crochadh i Halla na Cathrach.
Seachtain ó shin, baineadh an phortráid anuas den bhalla agus briseadh an ghloine a bhí air.
D'admhaigh fostaí de chuid Shinn Féin gurb eisean a rinne an gníomh agus d'éirigh sé as an bpáirtí dá bharr.
Bhí ócáid ar siúl i Halla na Cathrach ag an am in onóir na heagraíochta Gaeilge Glór na Móna.
Dúirt Glór na Móna gur tháinig a leithéid de ghníomh salach ar éiteas agus ar phrionsabail na heagraíochta.
Cúpla lá roimhe sin, baineadh anuas go hoifigiúil portráid den iarmhéara Niall Ó Donnghaile ó Shinn Féin nuair a fuarthas amach gur chuir sé teachtaireachtaí téacs míchuí chuig buachaill sé bliana déag d'aois.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ