skip to main content

Fear maraithe i Leamhcán in iarthar Bhaile Átha Cliath

Scrúdú teicniúil le déanamh ar an teach i Leamhcán ag na Gardaí
Scrúdú teicniúil le déanamh ar an teach i Leamhcán ag na Gardaí

Ionsaíodh agus maraíodh fear sna daichidí i Leamhcán in iarthar Bhaile Átha Cliath ar maidin inniu.

Fuarthas corp an fhir i dteach i bPáirc an tSeandroichid i Leamhcán ag thart ar 8 a chlog ar maidin.

Gabhadh fear sna fichidí agus tá sé á cheistiú i stáisiún Gardaí in iarthar Bhaile Átha Cliath.

Tá scrúdú teicniúil le déanamh ar an teach agus tá fios curtha ag na Gardaí ar phaiteolaí Stáit.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ