Síníodh 1,792 ordú díbeartha go dtí seo i mbliana, ar méadú 140% é sin ón tréimhse chéanna in 2023, de réir figiúirí nua atá an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee le cur os comhair na Comhaireachta an tseachtain seo.
Cuireadh 98 de na horduithe sin i bhfeidhm in aghaidh thoil an té a bhí á dhíbirt, ar méadú 165% é sin ón tréimhse chéanna in 2023.
Os a choinne sin, ghlac 648 duine le hordú díbeartha go dtí seo i mbliana, i gcomórtas le 175 sa tréimhse chéanna anuraidh.
Léiríonn na figiúirí chomh maith gur ghabh na Gardaí 138 duine ó thús na bliana faoi theacht go hÉirinn gan an cháipéisíocht chuí.
Tuigtear gur cuireadh an dlí ar roinnt den 138 sin agus gur ciontaíodh cuid acu.
Chomh maith leis na figiúirí ar fad, tabharfaidh Helen McEntee an t-eolas is deireanaí don Chomhaireacht faoi na beartais a tugadh isteach anuraidh chun dlús a chur le hiarratais ar thearmann in Éirinn a phróiseáil.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ