skip to main content

1,200 duine taifeadta ó Déardaoin ag tiomáint go róthapa

Bhí duine ag tiomáint ag 167 ciliméadar san uair i gceantar 80 ciliméadar
Bhí duine ag tiomáint ag 167 ciliméadar san uair i gceantar 80 ciliméadar

Thaifead na Gardaí os cionn 1,200 duine ag tiomáint go róthapa i gcaitheamh an deireadh seachtaine saoire bainc go dtí seo.

Bhí duine acu ag tiomáint ag 167 ciliméadar san uair i gceantar 80 ciliméadar.

Diomaite de chúrsaí luais, gabhadh 158 duine as tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí.

Ina measc siúd a bhí ag tiomáint faoi thionchar drugaí, bhí tiománaí faoi oiliúint nach raibh árachas aige nó aici agus tiománaí nach raibh ceadúnas aige nó aici.

Chuir na Gardaí tús Déardaoin seo caite le feachtas speisialta sábháilteachta don deireadh seachtaine saoire bainc agus mairfidh an feachtas go dtí 7 a chlog ar maidin amárach.

Maraíodh 147 duine i dtubaistí bóthair sa Stát go dtí seo i mbliana, sin deichniúr níos lú ná an t-achar céanna anuraidh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ