I gcúirt i mBéal Feirste, gearradh príosún saoil ar fhear as Co Ard Mhacha a phléadáil ciontach i dteacht i dtír gnéasach a dhéanamh ar na scórtha cailíní ar chuir duine acu lámh ina bás féin dá bharr.
Sin é Alexander McCartney, 26 bliain d'aois, as ceantar an Iúir, a phléadáil ciontach i ngach ceann den 185 cúis a bhain le claonmhealltóireacht ar líne a cuireadh ina leith, dúnorgain an chailín a chuir lámh ina bás féin ina measc.
Lig Alexander McCartney air féin gur cailín sna déaga a bhí ann agus é i mbun cumarsáide le cailíní ar ardáin shóisialta éagsúla, Snapchat den chuid is mó.
Go bhfios do na húdaráis, tháinig an pasadóir i dtír ar 70 cailín a bhí idir deich mbliana agus sé bliana déag d'aois ach ceapann na póilíní go raibh i bhfad níos mó ná sin ann – 3,500, b'fhéidir, a deir siad.
Bhí Cimarron Thomas, cailín dhá bhliain déag as West Virginia sna Stáit Aontaithe, ar dhuine de na daoine óga a ndearna Alexander McCartney teagmháil ar líne leo.
Chuir sé ina luí uirthi íomhánna pearsanta a sheoladh chuige agus bhagair sé uirthi ina dhiaidh sin go n-inseodh sé dá muintir faoina raibh déanta aici mura seolfadh sí tuilleadh íomhánna chuige.
I mí na Bealtaine 2018, chuir Cimarron Thomas lámh ina bás féin de bhíthin an dúmháil a bhí Alexander McCartney a dhéanamh uirthi.
Bliain go leith ina dhiaidh sin, i mí Eanáir 2020, chuir a hathair Ben Thomas lámh ina bhás féin freisin agus a chroí briste le teann bróin.
Sa chúirt inniu, léigh an Breitheamh John O'Hara na cúiseanna a bhí curtha i leith Alexander McCartney os comhair an tsaoil agus dúirt nach raibh aon ghá mioneolas a thabhairt faoin gcruálacht uafásach agus faoin olcas a bhain leo.
Ní bheidh cead ag Alexander McCartney iarratas a dhéanamh ar a scaoileadh saor ón bpríosún nó go mbeidh fiche bliain ar a laghad dá théarma saoil curtha isteach aige, lena n-áirítear na cúig bliana atá caite faoi choinneáil aige cheana féin.
Shuigh an ciontach i ngabhann na cúirte le linn na héisteachta, a cheann cromtha aige.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ