skip to main content

Obair ar bun ag Páirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain chun an tAcht ar Oidhreacht na dTrioblóidí a aisghairm

Deir Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Hilary Benn go bhfuil obair ar bun ag Páirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain leis an acht ar Oidhreacht na dTrioblóidí a aisghairm agus ceann eile a thabhairt isteach ina áit
Deir Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Hilary Benn go bhfuil obair ar bun ag Páirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain leis an acht ar Oidhreacht na dTrioblóidí a aisghairm agus ceann eile a thabhairt isteach ina áit

Deir Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Hilary Benn go bhfuil obair ar bun ag Páirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain leis an acht ar Oidhreacht na dTrioblóidí a aisghairm agus ceann eile a thabhairt isteach ina áit.

Tá an-díomá ar theaghlaigh na n-íospartach go bhfuil faoi Rialtas na Breataine dúshlán dlí a thabhairt in aghaidh rialú a tugadh an mhí seo caite, inár dúradh go bhfuil an tAcht ag sárú na reachtaíochta i leith chearta an duine.

Is iomaí léirsiú a bhí ag teaghlaigh daoine a maraíodh le linn na dtrioblóidí maidir leis an Acht conspóideach a thug an t-Iar Rialtas Caomhach isteach.

Ciallaíonn sé go bhfuil deireadh le coistí cróinéara go dtabharfar go bunúsach maithiúnas ginearálta do dhuine ar bith a rinne coir bainteach leis na trioblóidí suas go Aibreán 1998, pairimílitigh agus fórsaí stáit na Breataine ina measc.

Dúirt Státrúnaí an Tuaiscirt Hilary Benn go bhfuil páirtí Lucht Oibre na Breataine i mbun an Acht ar Oidhreacht na dTrioblóidí a chur ar ceal agus ceann a chur ina áit agus go bhfuil siad tiomanta coistí cróinéara a athbhunú.

Léirigh teaghlaigh imní roimhe seo go bhfuil Rialtas na Breataine le dúshlán dlí a thabhairt i gcoinne rialú go raibh an tAcht conspóideach ag sárú dlí chearta daonna.

D'iarr Hilary Benn ar theaghlaigh dul chuig an Coimisiún Neamhspleách Athmhuintearais agus Aimsiú Eolais, nach bhfuil ag fiosrú ach ocht gcás agus dúirt an státrúnaí chomh maith le teaghlaigh bheith foighneach ó thaobh fáil réidh leis an acht.

Tá Coimisiún Neamhspleách athmhuintearis agus aimsiú eolais bunaithe agus cumhacht acu amharc ar 3,500 dúnmharu a tharla le linn na dtriobóidí ach níl ach 8 fiosrúchán sa tsiúl.