Tá fíneáil €310m gearrtha ag an eagraíocht mhaoirseachta, Comisiún um Chosaint Sonraí na hÉireann ar an gcomhlacht LinkedIn.
Gearradh an fíneáil i ndiaidh fiosrúcháin a bhí dírithe ar an tslí a dhéanann an comhlacht próiseáil ar shonraí pearsanta na ndaoine a úsáideann LinkedIn, ar mhaithe le hanailís a dhéanamh ar a gcuid iompair ar-líne agus fógraíocht a chur ina dtreo.
Fuarthas amach gur saraíodh rialacháin maidir le cosaint sonraí i dtaca le dlíthiúlacht, cothrom na féinne agus cúrsaí trédhearcachta.
Cuireadh tús leis an bhfiosrúchán i Mí Lúnasa 2018, i ndiaidh gearáin a rinne eagraíocht neamhbhrabúis sa Fhrainc go hÚdarás um Chosaint Sonraí na Fraince.
Is i mBaile Átha Cliath atá ceanncheathrú Eorpach LinkedIn agus is é Comisiún um Chosaint Sonraí na hÉireann, príomh-eagraíocht mhaoirseachta an chomhlachta sa tír seo.