Is ar Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont a bhronnfar Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais i mbliana.
Bronntar an gradam ar dhuine nó ar eagraíocht as ucht a bhfuil déanta acu ar son na meán cumarsáide Gaeilge.
I ráiteas, dúirt an tOireachtas go raibh bunú na scéime scannán Cine 4 agus seoladh an chainéil nua do pháistí Cúla 4, go raibh siad i measc na rudaí is mó a bhí bainte amach ag Alan Esslemont le linn dó a bheith ina Ard-Stiúrthóir ar an stáisiún náisiúnta dátheangach.
Dúirt ceannasaí an Oireachtais Máirín Nic Donnchadha go raibh "áit bhuan bainte amach ag Alan Esslemont in annála na craoltóireachta ní hamháin anseo in Éirinn ach thar sáile freisin".
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ