skip to main content

Athrú aeráide: 'baol mór ann nach gcomhlíonfaimid ár n-oibleagáidí'

Molann an Chomhairle um Athrú Aeráide cur leis an tacaíocht a thugtar do dhaoine le feithiclí leictreacha a cheannach
Molann an Chomhairle um Athrú Aeráide cur leis an tacaíocht a thugtar do dhaoine le feithiclí leictreacha a cheannach

Deir an Chomhairle um Athrú Aeráide cé go raibh laghdú ar an méid gáis cheaptha teasa a sceith beagnach gach earnáil in Éirinn anuraidh go bhfuil baol mór ann i gcónaí nach gcomhlíonfaimid ár gcuid oibleagáidí náisiúnta agus idirnáisiúnta laistigh den achar ama atá leagtha síos.

Tugtar le fios go neamhbhalbh i dtuarascáil nua ón gComhairle go bhfuil an obair mhaith atáthar a dhéanamh sa tír seo ag dul chun cinn go rómhall.

Mura laghdóimid astaíochtaí carbóin de réir mar atá geallta againn faoin mbliain 2030 d'fhéadfadh an tAontas Eorpach fíneálacha €8 mbilliún san iomlán a ghearradh orainn, a deirtear sa tuarascáil.

Is ar bhallstáit eile atá chun tosaigh orainn a dháilfí an t-airgead sin, a deirtear leis.

Maítear sa tuarascáil gur follas go bhfuil Éire róspleách ar bhreoslaí iontaise i gcónaí.

Mar réiteach, moltar don Rialtas cur leis an tacaíocht a thugtar faoi láthair do theaghlaigh, do ghnóthais agus do phobail le go mbeidh siad in acmhainn éirí as breoslaí iontaise agus leithéidí feithiclí leictreacha agus caidéil teasa a cheannach.

Ní mór freisin, a deirtear, cur leis an tacaíocht a thugtar do dhaoine chun a dtithe a athinsliú leis an ábhar is éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de.

Rud eile de, tá an Chomhairle um Athrú Aeráide ag achainí ar an Rialtas éirí as fóirdheontais a thabhairt do bhreolsaí iontaise. Iarrtar go háirithe deireadh a chur le trí pholasaí ar leith atá ann faoi láthair, mar atá, an éagsúlacht sna rátaí cánach a ghearrtar ar pheitreal agus ar dhíosal, na haisíocaíochtaí a thugtar do ghnóthais a dhónn díosal agus an díolúine a thugtar do bhreosla eitlíochta.

Ar a shon sin, deir an Chomhairle gur de réir a chéile seachas go tobann is ceart deireadh a chur leis na fóirdheontais sin le nach mbeidh na daoine is mó atá ag brath orthu thíos leis.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ