skip to main content

An Liobáin: mórionsaí buamála ar an Tuír á bhagairt ag Iosrael

Tús curtha ag Iosraelaigh le mórionsaí buamála ar an Tuír, 23 Deireadh Fómhair 2024
Tús curtha ag Iosraelaigh le mórionsaí buamála ar an Tuír, 23 Deireadh Fómhair 2024

Tá fógra tugtha ag fórsaí míleata IosraeI do mhuintir na Tuíre i ndeisceart na Liobáine imeacht as an gcathair gan mhoill.

Deir na hIosraelaigh go bhfuil siad le mórionsaí a dhéanamh ar an Tuír go gairid le dúil a bhfuil ann de bhonneagar Hezbollah a scriosadh.

Ós aidhm an-fhorleathan é sin, áfach, tá nach mór gach duine ar féidir leis imeacht imithe nó ag imeacht, dar le húdaráis na cathrach.

Mar sin féin, is cosúil go bhfuil 14,000 duine ann fós, teifigh ó áiteanna eile sa Liobáin ina measc.

Tá an chathair buamáilte go treán ag na hIosraelaigh cheana féin le roinnt seachtainí agus tá sé le tuiscint ón ráiteas is deireanaí uathu gur tréine fós a bheas an t-ollruathar atá le teacht.

Go deimhin, tuairiscítear go bhfuil ceithre ionsaí buamála déanta ag aerfhórsa Iosrael ar an Tuír cheana féin inniu.

Áirítear 1,900 duine a bheith maraithe ag na hIosraelaigh sa Liobáin le cúig seachtaine. Tá na mílte eile gortaithe ag a gcuid buamaí agus tá an draoi daoine eile fós curtha as a mbailte acu.

Teifigh ag bualadh bóthair in Jabalia i dtuaisceart Gaza, 23 Deireadh Fómhair 2024

Mar le Gaza, tá sé ráite ag Stát-Rúnaí Mheiriceá Antony Blinken gur anois an t-am le deireadh a chur leis an gcogadh atá na hIosraelaigh a chur ar an iamhchríoch Phalaistíneach, go háirithe ó tá ceannaire Hamas Yahya Sinwar maraithe acu.

Chomh maith le Yahya Sinwar, ámh, tá 42,000 Palaistíneach ar a laghad maraithe ag na hIosraelaigh in Gaza le bliain, gan trácht ar na mílte eile atá gortaithe acu agus an lomscrios ginearálta atá déanta acu ann i bhforéiric an 1,200 duine a mharaigh Hamas i ndeisceart Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair anuraidh.

Ar muin deireadh a chur leis an gcogadh in Gaza, d'achainigh Antony Blinken ar Phríomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu i gcruinniú a bhí acu in Tel Aviv inné gan an choimhlint leis an Iaráin a ghéarú tuilleadh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ