Tuairisicítear gur maraíodh 51 duine agus gur leonadh 174 in ionsaithe buamála a rinne aerfhórsa Iosrael ar roinnt áiteanna sa Liobáin inné.
De réir na dtuairiscí, is i gceantar Shliabh na Liobáine i dtuaisceart na tíre a maraíodh beirt is fiche den leathchéad; maraíodh deichniúr eile i gceantar Nabatieh sa deisceart; agus maraíodh ceathrar eile fós i sráidbhaile san oirthear.
Maraíodh freisin ceathrar saighdiúirí Iosraelacha in ionsaí dróin a rinne Hezbollah ar bhunáit mhíleata i dtuaisceart Iosrael.
Chuaigh tancanna le hArm Iosrael isteach in ionad de chuid fhórsa síochána na Náisiún Aontaithe i ndeisceart na Liobáine inné. Scriosadh príomhgheata an ionaid agus d'fhan na hIosraelaigh ann ar feadh 45 nóiméad.
Gortaíodh cúigear saighdiúirí leis na Náisiúin Aontaithe in ionsaithe a rinne Arm Iosrael ar ionaid éágsúla dá gcuid an tseachtain seo caite.
Tá sé tugtha le fios ag Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe António Guterres go mb'fhéidir gur coireanna cogaidh atá sna hionsaithe atá na hIosraelaigh a dhéanamh ar shaighdiúirí idirnáisiúnta atá ar dualgas síochána sa Liobáin.
Dúirt duine d'Airí Rialtais Iosrael, áfach, gur fórsa gan mhaith atá sna Náisiúin Aontaithe i ndeisceart na Liobáine mar go bhfuil teipthe orthu daoine i dtuaisceart Iosrael a chosaint.
Tá na hIosraelaigh ag éileamh ar na Náisiúin Aontaithe tarraingt amach as an Liobáin agus is cosúil gurb in é an aidhm atá leis an imeaglú atá siad a dhéanamh ar an bhfórsaí idirnáisiúnta.
Mar le Gaza, tuariscítear gur maraíodh cúig dhuine dhéag – teaghlaigh iomlána ina measc – nuair a d'ionsaigh na hIosraelaigh scoil ina raibh daoine ar foscadh ón mbuamáil.
Maraíodh ceathrar in ionsaí eile a rinneadh ar ospidéal san iamhchríoch.
I ráiteas a d'eisigh sé inné, dúirt an Tánaiste Micheál Martin gur coir chogaidh atá sa ruaig atá na hIosraelaigh a chur ar dhaoine ó champa teifeach Jabalia i dtuaisceart Gaza, gan trácht ar an ocras atá siad a chur ar an bpobal ann agus an marú atá siad a dhéanamh ann.
Tá Micheál Martin leis an mbrúidiúlacht in Gaza agus sa Liobáin a phlé i gcruinniú d'Airí Gnóthaí Eachtracha an Aontais Eorpaigh i Lucsamburg inniu.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ