Ghlac daltaí Scoil Ghramadaí Dhún Dealgan páirt in agóid inniu, i gcoinne chinneadh Bhord Ghobharnóirí na scoile gan Peil Ghaelach a thabhairt isteach sa scoil. Is meánscoil phríobháideach í Scoil Ghramadaí Dhún Dealgan a bhfuil éiteas Eaglais na hÉireann inti.
Tháinig na daltaí amach mí na Bealtaine freisin lena míshásacht a léiriú, ach níl aon athrú tagtha ar chúrsaí.
Níos túisce i mbliana, vótáil 400 as na 600 dalta sa scoil – agus 36 as na 40 múinteoir - i bhfábhar Cluichí Gaelacha a thabhairt isteach, Tá Cumann na dTuismitheoirí ina fábhar. Agus deir 50% de na múinteoirí go mbeidh siad sásta cuidiú le traenáil.
"Tá an-lagmhisneach go deo orainn", a dúirt Cian Spaight, atá mar dhalta ardteistiméarachta sa scoil. "Táimid den tuairim nach bhfuil cothrom na Féinne á thabhairt dár spórt náisiúnta."

acu chun níos mó spórt a reáchtáil inti
"Bhí foireann Chontae Lú cuisíoch lag san am atá thart", a dúirt Callum Waters, atá sa séú bliain freisin. "Ach ansin, tháinig Mickey Harte isteach agus thug sé ardú meanman dúinn. Tá gach duine anois ar bís maidir le peil agus tarraingíonn sí an chuid is mó den chaint sa chontae. Imríonn muid ar fad peil sna clubanna áitiúla. Mar sin, ní thuigeann muid cén fáth nach dtig linn í a imirt ar son na scoile freisin."
Lorg Nuacht RTÉ le TG4 ráiteas inniu uaidh Bhord Ghobharnóirí Scoil Ghramadaí Dhún Dealgan. Níor chuir siad aon fhreagra ar fáil. Níl sé ráite go poiblí acu go bhfuil aon bhaint ag éiteas na scoile lena gcinneadh; thug siad le fios roimhe seo nach bhfuil na hacmhainní acu chun níos mó spórt agus cluichí a reachtáil sa scoil. Dúirt siad freisin nach bhfuil clúdach árachais acu do chluichí Gaelacha.
"Thug Gaeil Dhún Dealgán - an club áitiúil - le fios roimhe seo go gcuirfidís gach tacaíocht ar fáil don scoil", a dúirt an Teachta Dála áitiúil, Ruairí Ó Murchú, Sinn Féin. Is amhlaidh go ndúirt siad go gcuideoidís le cúrsaí árachais, fiú. Mar sin, tá réiteach curtha ar fáil againn ar gach fadhb atá luaite ag an scoil. Ach fós féin, níl siad sásta a n-intinn a athrú. Tá go leor oibre déanta ag CLG le roinnt blianta anuas chun pobail ó gach saghas cúlra a thabhairt itseach i gCluichí Gaelacha."

Mickey Harte a bheith ina bhainisteoir
Tá 26 Meánscoil i bPoblacht na hÉireann a bhfuil éiteas Eaglais na hÉireann iontu. Tugtar tús áite do dhaltaí Protastúnacha sna scoileanna seo, ach cuirtear fáilte freisin roimh dhaoine ó gach saghas cúlra. Tá cuid de na scoileanna seo ag cur Cluichí Gaelacha ar fáil mar rogha spóirt, mar shampla, d'imir foireann pheile Choláiste Wesley i nDún Droma a céad chluiche i 2022.
"Is iarscoláire mise de chuid Scoil Ghramadaí Dhún Dealgan", a dúirt Helena Ní Mhaoláin. "Scoil den chéad scoth is ea í. Is léir go bhfuil éileamh mór ann don pheil. Tá súil go n-athróidh na gobharnóirí a n-intinn go luath."