skip to main content

Cruinniú ag aire eile ón DUP le dílseoirí

Aire Pobal Stormont, Gordon Lyons ón DUP
Aire Pobal Stormont, Gordon Lyons ón DUP

Tá cáineadh déanta ar Aire Pobal Stormont, Gordon Lyons ón DUP, faoi chruinniú a bheith aige le grúpa atá bainteach le paraimíleataigh dhílseacha tar éis gur dhiúltaigh sé cruinniú a bheith aige le Conradh na Gaeilge.

Bhí comhráite ag Gordon Lyons leis an ngrúpa dílseach, an LCC, Dé Máirt seo caite.

Scáthghrúpa is ea an LCC a labhraíonn thar ceann an UVF agus an UDA.

Tá an LCC ag cur go láidir in aghaidh bunscoil Ghaeilge a bhunú in oirthear Bhéal Feirste agus tuigtear gur chuir siad a ndearcadh ar an gceist in iúl do Gordon Lyons sa chruinniú.

Phléigh na dílseoirí ceist na scoile le haire eile ón DUP – an tAire Oideachais Paul Givan – i gcruinniú a bhí acu leisean le gairid.

Tá imeaglú á dhéanamh ag dílseoirí ar lucht na bunscoile Gaeilge ó fógraíodh go rabhthas lena bunú.

Le hais na fáilte a cuireadh roimh an LCC, deir Conradh na Gaeilge gur dhiúltaigh an DUP gach uile iarratas a rinne an eagraíocht ar chruinniú ó hathbhunaíodh Feidhmeannas Stormont i dtús na bliana.

Deir an Conradh cé gurb é Gordon Lyons is mó atá freagrach as straitéis Ghaeilge Stormont gur dhiúltaigh sé a n-iarratas ar chruinniú lena phlé.

Dúirt urlabhraí Gordon Lyons go raibh cruinnithe aige roimhe seo le hionadaithe ó dhá eagraíocht Ghaeilge eile, mar atá, Forbairt Feirste agus Foras na Gaeilge.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ