Deir an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil gur ag dul chun cinn go rómhall atá an obair athchóirithe atá Uisce Éireann a dhéanamh ar áiseanna cóireála fuíolluisce ar fud na tíre.
Ní féidir glacadh leis an tuadóireacht na háirce atá Uisce Éireann a dhéanamh ar an athchóiriú riachtanach seo, a deir an ghníomhaireacht, mar go ndéanfar tuilleadh díobhála d'aibhneacha, lochanna, inbhir agus uiscí imeallbhord na tíre idir dhá linn mura gcuirfear dlús leis go pras.
I dtuarascáil nua, deir an ghníomhaireacht go bhfuil camras neamhchóireáilte á sceitheadh ó shé bhaile dhéag ar fud na tíre de bharr nach bhfuil siad nasctha le hionaid chóireála fós.
Sin iad Baile Uí Bheacháin agus Cill Chaoi i gCo an Chláir; Bhaile Choitín agus an Geata Bán-Áth Fhada i gCorcaigh; an Fál Carrach, Bun an Phobail, Ráth Mealtain agus Ráth Maoláin i nDún na Gall; Binn Éadair i mBaile Átha Cliath; an Cheathrú Rua agus Cloch na Rón i nGaillimh; Faing agus an Gleann i Luimneach; Baile Uí Fhiacháin i Maigh Eo; agus an tInbhear Mór agus Abhóca i gCill Mhantáin.
Mar bharr ar an donas, a deir an ghníomhaireacht, níl sé i gceist ag Uisce Éireann tús a chur leis an obair athchóirithe i gcuid de na áiteanna sin go dtí 2030.
Os a choinne sin, tugtar le fios sa tuarascáil go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag Uisce Éireann i roinnt áiteanna.
Deirtear, cuir i gcás, go bhfuil trí bhaile dhéag nasctha le hionaid chóireála mar is ceart ó thús 2023.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ