skip to main content

Spéirling Milton lagaithe ach damáiste mór déanta aici

Damáiste mór déanta ag Spéirling Milton ar fud Florida
Damáiste mór déanta ag Spéirling Milton ar fud Florida

Tá Florida fós á thuargaint ag Spéirling Milton a bhfuil damáiste mór déanta aici ar fud an stáit sin cheana féin.

Tuairiscítear gur chruthaigh an spéirling naoi dtornádó dhéag agus gur scriosadh 125 áras cónaithe a bhí ina bealach, teachíní soghluaiste den chuid is mó.

Deirtear freisin gur maraíodh beirt ar a laghad nuair a bhuail ceann de na camanfaí lonnaíocht do sheanóirí ar chósta thoir Florida.

Is cinnte go marófaí tuilleadh daoine murach gur ordaíodh do na milliúin aslonnú agus murach haistí a bheith sparrtha le hucht na stoirme.

Tá 3.2 milliún duine fágtha gan aon chumacht aibhléise mar gheall ar an scrios.

Is ar an gcósta thiar a tháinig an spéirling i dtír i dtosach agus luas 195 ciliméadar san uair fúithi.

Tá sí lagaithe ó shin agus is 150 ciliméadar san uair atá fúithi i láthair na huaire.

Maraíodh 235 duine ar a laghad nuair a bhuail Spéirling Helene réigiún Florida coicís ó shin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ