skip to main content

Airtléire, piléir scaoilte ag Iosraelaigh le hionaid na Náisiún Aontaithe

Bunáit na Náisiún Aontaithe in Naqoura i ndeisceart na Liobáine (Pictiúr cartlainne)
Bunáit na Náisiún Aontaithe in Naqoura i ndeisceart na Liobáine (Pictiúr cartlainne)

Tuairiscítear gur scaoil fórsaí míleata Iosrael airtléire agus piléir le trí ionad éagsúla ina bhfuil saighdiúirí de chuid na Náisiún Aontaithe ar dualgas i ndeisceart na Liobáine.

Deir na Náisiúin Aontaithe gur scaoil na hIosraelaigh leis na ionaid in aon turas ar thrí ócáid ar leith le ceithre huaire fichead.

Bhain mionghortuithe do bheirt saighdiúirí a bhí ar dualgas i dtúr faire i bpríomh-bhunáit na Náisiún Aontaithe in Naqoura.

Is cosúil gur gortaíodh an bheirt nuair a thit siad den túr tar éis do thanc Iosraelach sliogán nó sliogáin a scaoileadh leis.

Deirtear nár gortaíodh aon duine sa dá ionsaí eile a rinneadh le gunnaí beaga.

Deir na Náisiúin Aontaithe freisin gur scriosadh ceamaraí slándála de bharr na n-ionsaithe.

Tá sé tugtha le fios ag urlabhraí ó Rialtas na hÉireann go bhfuil saighdiúirí as an tír seo "sábháilte agus i mbun a gcuid dualgas" i gcónaí.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ