Tá sé dearbhaithe ag an Taoiseach Simon Harris go bhfuil saighdiúirí Iosraelacha tarraingthe siar ón áit a bhfuil saighdiúirí de chuid na tíre seo bunaithe sa Liobáin.
Bhí na hIosraelaigh tar éis iad féin a lonnú 100 méadar ó ionad faire leis na saighdiúirí Éireannacha atá ar fianas síochána leis na Náisiúin Aontaithe i ndeisceart na Liobáine.
Arú inné, d'achainigh an Taoiseach ar Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden agus ar Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe António Guterres aird a tharraingt ar thromchúis an scéil agus dúirt leo nárbh fholáir coimeádaithe síochána a chosaint pé áit ar domhan a raibh siad.
Ina dhiaidh sin, d'iarr an tUachtarán Biden agus António Guterres araon ar na hIosraelaigh gan drannadh leis na hÉireannaigh.
Dúirt an Taoiseach inniu gur dea-scéal a bhí ann na hIosraelaigh a bheith tarraingthe siar agus thug le fios gur údar faoisimh é do theaghlaigh na saighdiúirí Éireannacha.
Beidh cruinniú ag an Taoiseach leis an Uachtarán Biden sa Teach Bán in Washington níos deireanaí inniu le 100 bliain den chaidreamh taidhleoireachta idir Stát na hÉireann agus na Stáit Aontaithe a chomóradh.
Dúirt Simon Harris go raibh rún aige an ghéarchéim in Gaza agus sa Liobáin a phlé le Joe Biden sa chruinniú.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ