I gCúirt Choiriúil Chuarda Bhaile Átha Cliath, cuireadh tús le triail iarimreoir rugbaí aitheanta atá cúisithe i mbreis agus €500,000 a ghoid ó Bhanc Príobháideach Bhanc na hÉireann.
Sin é Brendan Mullin, 60 bliain d'aois, as Bóthar Stigh Lorgan, Domhnach Broc, i mBaile Átha Cliath.
Trícheathrúnach amuigh ab ea Brendan Mullin a d'imir d'fhoireann rugbaí na hÉireann 55 uair idir 1984 agus 1995.
D'aimsigh sé seacht n-úd déag le linn dó a bheith ag imirt d'Éirinn.
Sa chúirt inniu, phléadáil sé neamhchiontach sna cúig chúis déag atá curtha ina leith.
Chomh maith le €500,000 a ghoid ó Bhanc Príobháideach Bhanc na hÉireann in 2011, líomhnaítear gur ghoid Brendan Mullin suimeanna éagsúla ón mbanc sin ag amanna éagsúla.
Ina cheann sin, tá dallamullóg curtha ina leith agus líomhnaítear gur sholáthair sé sonraisc bhréagacha don bhanc.
Maítear gur tharla na cionta i gceannáras Bhanc Príobháideach Bhanc na hÉireann i mBaile Átha Cliath idir Iúil 2011 agus Márta 2013, áit a raibh an cúisí ag obair.
Is é an Breitheamh Martin Nolan a bheas i bhfeighil na trialach a meastar a mhairfidh ceathair nó cúig de sheachtainí.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ