skip to main content

Cás in aghaidh iarTheachta Dála curtha siar arís

Colm Keaveney taobh amuigh den teach cúirte i dTuaim
Colm Keaveney taobh amuigh den teach cúirte i dTuaim

I gCúirt Dúiche Thuama i gCo na Gaillimhe, cuireadh siar arís cás in aghaidh an iarTheachta Dála Colm Keaveney.

Tá Colm Keaveney cúisithe i dtiomáint faoi thionchar cócaoin i gComar i dTuaim ar an 12 Meitheamh anuraidh.

Tá sé cúisithe chomh maith i dtiomáint gan árachas an lá úd agus lá eile freisin.

Is iarTheachta Dála de chuid Pháirtí an Lucht Oibre agus Fhianna Fáil é Colm Keaveney.

Bhí sé na chomhairleoir contae ag Fianna Fáil i nGaillimh chomh maith.

Beidh an cás ar ais os comhair na cúirte arís ar an 12 Samhain.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ