skip to main content

'Sároidhreacht' fágtha ag Mary O'Rourke - An Tánaiste

Corp an iar-aire Mary O'Rourke ag teacht chuig séipéal An Chuasáin, Baile Átha Luain
Corp an iar-aire Mary O'Rourke ag teacht chuig séipéal An Chuasáin, Baile Átha Luain

'Sár-Oidhreacht' é obair an iar-aire Mary O'Rourke do lár na tíre agus don tír trí chéile, a deir an Tánaiste Micheá Martin.

Bhí sé ag labhairt inniu ag aifreann sochraide an iar-aire de chuid Fhianna Fáil a bhásaigh Déardaoin agus í 87 mbliana d'aois.

Thosaigh an t-aifreann sa Chuasán ina bhaile dúchais Baile Átha Luain ag meánlae inniu.

Bhí an tUachtarán Michael D. ó hUiginn agus an Tánaiste i measc phobal an aifrinn, chomh maith le hiar-chomhghleacaithe rialtais Mary Coughlan agus Dermot Ahern

Bhí baill agus iarbhaill de chuid Chomhaire Contae na hIar-Mhí i láthair freisin.

Maireann beirt mhac leí, Feargal agus Aengus agus a gclanna siúd.

Ag tús an aifrinn tughadh bronntanais chuig an altóir a léirigh gnéithe dá saol, pictiúr dá fear chéile Enda, bratach Fhianna Fáil, nuachtán, agus a fón póca ina measc.

Bean iontach, duine taitneamhach a d'fhág sároidhreacht don cheantar, don réigiún agus don náísiún, é breith an Tánaiste ar a iar-chomhgheacaí agus é ar bhealach isteach chun an aifrinn.

I rith a óráide, dúirt sé gur duine í a raibh mianach téagartha inti, gur ceannaire polaitiúil í a chuir i gcrích ina seal in oifig, dul chun cinn buan dá pobal agus dá tír.

Mí na Samhna 1982 a toghadh Mary O'Rourke don Dáil den chéad uair, agus bhí sí ina haire agus ina haire stáit i rialtais éagsúla faoi Charles Haughey, Albert Reynolds agus Bertie Ahern.

Bhí sí ina seanadóir faoi dhó, i 1981 agus arís nuair a chaill sí a suíochán Dála ó 2002 go 2007.

Chomh maith le bheith in haire oideachais, sláinte agus fiontar poiblí, bhí sí ina leascheannaire ar Fhianna Fáil idir 1994 agus 2002.

Chaill sí a suíochán Dála san olltoghchán i 2011.