skip to main content

Daoine maraithe agus go leor damáiste déanta ag Spéirling Helene in Florida agus Georgia

Tá daoine maraithe agus tá go leor damáiste déanta ag Spéirling i SAM. Tá sí ar cheann amháin de na stoirmeacha is cumhachtaí riamh a bhuail na Stáit Aontaithe agus tá go leor damáiste déanta aici.
Tá daoine maraithe agus tá go leor damáiste déanta ag Spéirling i SAM. Tá sí ar cheann amháin de na stoirmeacha is cumhachtaí riamh a bhuail na Stáit Aontaithe agus tá go leor damáiste déanta aici.

Tá Spéirling Helene i ndiaidh réabadh trí Florida agus Georgia agus is baolach gur maraíodh daoine lena linn. Tá sí ar cheann amháin de na stoirmeacha is cumhachtaí riamh a bhuail na Stáit Aontaithe agus tá go leor damáiste déanta aici.

Tháinig an spéirling i dtír i Florida. Chuaigh sí i léig i ndiaidh tamaill, ach deir na húdaráis go bhfuil "contúirt mhór" ann mar gheall uirthi go fóill. Tá bóithre agus tithe cónaithe fágtha faoi uisce.

Maraíodh beirt i dtornádó in Georgia, a deir an gobhornóir ansin.

Bhí rabhadh tornádó eisithe i dtuaisceart Florida, Georgia, North Carolina agus South Carolina sular tháinig an spéirling i dtír go moch ar maidin, am na hÉireann.

Tá go leor bóithre fágtha faoi uisce in Florida

Tá sé deimhnithe go bhfuil duine amháin ar a laghad maraithe in Florida. Agus tá na húdaráis ag súil go ndeimhneofar tuilleadh básanna le linn an lae inniu.

Bhain gaotha na spéirlinge 225 ciliméadar san uair amach in Florida, ach laghdaigh an luas sin go 120 ciliméadar san uair de réir mar a d'imigh an stoirm i dtreo Georgia.

Tá imní léirithe ag na húdaráis go mbeidh suas le 6 méadar uisce sáile caite istigh faoin tír. Deir siad freisin nach mbeidh na seirbhísí tarrthála in ann teacht i gcabhair ar dhaoine go ceann roinnt mhaith uaireanta go fóill.

Tá Spéirling Helene ar an 14ú stoirm is cumhachtaí riamh a bhuail na Stáit Aontaithe ó cuireadh tús leis na taifid.