Tá ball foirne de chuid na Náisiún Aontaithe agus mac óg léi ar bheirt den 560 duine atá maraithe ag fórsaí míleata Iosrael sa Liobáin ó thús na seachtaine.
Bhí Dina Darwiche ag obair do ghníomhaireacht teifeach na Náisiún Aontaithe i nGleann Bheiceá in oirthear na Liobáine agus maraíodh í féin agus a mac Jad nuair a bhuamáil aerfhórsa Iosrael a dteach cónaithe sa cheantar sin arú inné.
Gortaíodh fear céile agus mac ba shine Dina Darwiche san ionsaí agus deirtear go bhfuil siad an-dona tinn san ospidéal.
Maraíodh freisin Ali Basma, glantóir oifige leis na Náisiúin Aontaithe i gcathair na Tuíre i ndeisceart na Liobáine.
Chomh maith leis na céadta a maraíodh – 50 leanbh ina measc – gortaíodh thart ar 2,000 duine eile sa mhórionsaí buamála a rinne na hIosraelaigh ar ionaid éagsúla sa Liobáin Dé Luain agus Dé Máirt.
Deir na hIosraelaigh go raibh a gcuid buamaí dírithe ar chomhaltaí de Hezbollah agus ar bhonneagar míleata na heagraíochta sin.
Níl deireadh leis an ár fós, is cosúil, ó tá sé ráite ag Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu go leanfaidh aerfhórsa na tíre den bhuamáil.
Scaoil Hezbollah roicéad le cathair Tel Aviv in Iosrael i gcaitheamh na hoíche ach scrios Arm Iosrael é sular bhain sé sprioc amach.
Deirtear go raibh an roicéad dromchla go dromchla dírithe ar cheannáras na gníomhaireachta faisnéise Mossad.
Tá córas aerchosanta an-sofaisticiúil ag Iosrael agus níor gortaíodh aon duine agus ní dhearnadh aon damáiste mar gheall ar an ionsaí roicéid.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ