Caitear amhras i dtuarascáil nua ar chomh hullamh agus atá foireann riartha an ospidéil nua náisiúnta do leanaí leis an áit a thógáil ar láimh agus le dul i mbun oibre ann.
Is iad comhairleoirí KPMG a chuir an tuarascáil faoi rún i dtoll a chéile ar son Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i mí Aibreáin seo a chuaigh thart.
Tugtar le fios sa tuarascáil go bhfuil bearnaí i bhfoirne ceannais an togra agus nach bhfuil an struchtúr rialachais maith go leor.
Deirtear ann leis go bhfuil easpa soiléire faoin tsamhail oibriúcháin agus faoi na hacmhainní a chuirfear ar fáil don ospidéal.
Rud eile de, maítear go bhfuil an neamhchinnteacht faoi chríochnú an ospidéil ag cur isteach ar gach ceist eile a bhaineann leis an áit.
Tá trí ospidéal leanaí i mBaile Átha Cliath faoi láthair – Cromghlinn, Sráid Temple agus Tamhlacht – agus tá seirbhísí na n-ospidéal sin le haistriú chun an ospidéil nua.
Deirtear sa tuarascáil, áfach, nach bhfuil an fhoireann sna trí ospidéal sin ag fáil faoi réir don aistriú mar ba cheart mar go bhfuil siad chomh broidiúil agus ag díriú ar a bhfuil le déanamh acu ó lá go lá.
Níl aon bhaint ag tuarascáil KPMG leis an amhras atáthar a chaitheamh ar fheabhas agus ar thráthúlacht na hoibre feistiúcháin atá na conraitheoirí BAM a dhéanamh san ospidéal.
Siúd is go bhfuil an t-ospidéal sna fonsaí tógála le fada, tá lá na dlaoi mullaigh á chur siar an t-am ar fad.
Táthar á mhaíomh faoi láthair gur uair éigin in 2026 a osclófar an áit.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ