skip to main content

Tubaiste an Chraoslaigh: fiosrúchán poiblí á éileamh ag teaghlaigh

Maraíodh deichniúr ag stáisiún seirbhísí sa Chraoslach ar an 7 Deireadh Fómhair 2022
Maraíodh deichniúr ag stáisiún seirbhísí sa Chraoslach ar an 7 Deireadh Fómhair 2022

Táthar ag achainí ar an Rialtas fiosrúchán poiblí nó coimisiún imscrúdúcháin a bhunú faoin tubaiste a tharla sa Chraoslach i gCo Dhún na nGall beagnach dhá bhliain ó shin inar maraíodh deichniúr.

Is teaghlaigh sheachtair den deichniúr atá ag éileamh an fhiosrúcháin phoiblí agus tá an dlíodóir Darragh Mackin ó Phoenix Law tar éis an méid sin a chur i scríbhinn agus a sheoladh chuig an Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee thar a gceann.

Maraíodh an deichniúr – ceathrar fear, triúr ban agus triúr páistí – nuair a tharla pléasc ag stáisiún seirbhísí i sráidbhaile an Chraoslaigh ar an 7 Deireadh Fómhair 2022.

B'in iad Catherine O'Donnell agus a mac James Monaghan; Robert Garwe agus a iníon Shauna Flanagan Garwe; Leona Harper; Jessica Gallagher; James O'Flaherty; Martin McGill; Martina Martin; agus Hugh Kelly.

Bhí siad idir chúig bliana d'aois agus naoi mbliana déag is dhá scór.

An deichniúr a maraíodh i dtubaiste an Chraoslaigh ar an 7 Deireadh Fómhair 2022

Tá na Gardaí ag fiosrú na tubaiste i dtólamh ach níl siad cinnte fós cad ba chionsiocair leis an bpléasc.

Ina dhiaidh sin, is cosúil go bhfuiltear den bharúil go mb'fhéidir go raibh baint ag gás a sceith as píopa leis an tragóid.

Tá Darragh Mackin ag gníomhú ar son theaghlaigh Robert Garwe, Shauna Flanagan-Garwe, Catherine O'Donnell, James Monaghan, Jessica Gallagher, Martina Martin agus Leona Harper.

Sa litir a sheol sé chuig an Aire Dlí agus Cirt, deirtear nach bhfuil ar bun faoi láthair mar fhiosrúchán ach fiosrúchán coiriúil an Gharda Síochána.

Chomh maith leis an bhfiosrúchán coiriúil, más ea, ba chóir fiosrúchán neamhspleách a bhunú a chuirfeadh cearta daonna na dteaghlach san áireamh, dar leis.

Maítear sa litir fosta nach fios cén uair a thiocfas deireadh le fiosrúchán na nGardaí agus nach bhfuil sé soiléir an gcuirfear an dlí ar aon duine faoin tubaiste.

Rud eile de, a deirtear sa litir, ní bheidh sé de chumhacht ag na Gardaí aon mholadh a dhéanamh ná a chur i bhfeidhm lena chinntiú nach dtarlóidh a leithéid de thubaiste arís,

Níl aon mhilleán ar na Gardaí faoi sin ar fad, a deirtear.

I ráiteas, dúirt an Roinn agus Cirt go raibh an litir faighte ag an Aire McEntee agus go raibh sí ag déanamh a marana ar a raibh ann.

Dúradh freisin nach bhféadfaí tuilleadh a rá fad is a bhí fiosrúchán na nGardaí ar bun.

Dhearbhaigh na Gardaí i ráiteas go raibh an fiosrúchán fós ar bun agus go raibh sé ar intinn acu comhad a chur chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí in am trátha.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ