Deir roinn sláinte rialtas na Liobáine go bhfuil ar a laghad 274 duine maraithe agus os cionn 1,000 eile gortaithe i ruathar aeir Iosrael ar dheisceart na tíre inniu.
Tá mná, páistí agus lucht leighis i measc na marbh agus na ngortuithe.
I ráiteas ó arm Iosrael, dúirt siad gur bhuail siad os cionn 300 láthair de chuid Hezbollah sa Liobáin san ionsaí a thosaigh go luath ar maidin.
Tá foláireamh tugtha ag Iosrael do phobail sa Liobáin gan fanacht gar do na spriocanna Hezbollah, mar a thug siad orthu, mar go mbeadh a thuilleadh ionsaithe á ndéanamh orthu.
Tá roinnt mhaith daoine sa deisceart ag tabhairt aird ar an bhfoláireamh agus iad ag bailiú éadaí agus soláthairtí le tabhairt faoi thuras ó thuaidh.
I bhfoirm théacs a tháinig an foláireamh chuig roinnt áiteanna, ag fógairt orthu glanadh as aon áit a raibh armlón á stóráíl ag Hezbollah, mar a dúradh.
Tá an foréigean géaraithe go tréan le roinnt laethanta, agus Iosrael agus Hezbollah i mbun cogaíochta thar an deireadh seachtaine.
Agus leis sin, an tháinig an faitíos go n-imeoidh an choimhlint seo ina chogadh amach is amach.
Maíonn Iosrael go bhfuil milliiún dá chuid saoránach ag teihteadh chuig foscadáin buamála i Haifa i dtuaisceart na tíre, ag éalú ó ionsaithe Hezbollah ar spriocanna sa réigiún.
Tá a n-imní léirithe ag ceannairí domhanda faoi chúrsaí na Liobáine bheith ag dul in olcas. Tá a lán ceannairí cruinnithe i Nua Eabhrac do Thionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, agus tá an Taoiseach agus an Tánaiste ina measc.
Deir an Tánaiste Micheál Martin go bhfuil sé dúshlánach do na trúpaí as Éirinn atá le UNIFIL sa Liobáin, ach go bhfuil bail mhaith orthu agus misneach acu i gcónaí.