Tá gearáin déanta faoi chomharthaí nua dátheangacha atá curtha in airde ag Comhairle Contae agus Cathrach Luimnigh.
Thart ar 70 méar eolais nua atá curtha in airde ar fud na cathrach ar chostas €1.2 milliún.
Eolas faoi láithreacha stairiúla agus oidhreachta atá i gceist, chomh maith le hionaid shuimiúla eile.
Tá dearmaid litrithe agus eile ar na comharthaí dátheangacha, áfach, dearmaid Ghaeilge go háirithe.
Cuir i gcás, Limerick Welcomes You i mBéarla ach Fáilte Roimh Luimneach i nGaeilge agus Páirc na Thuamhan seachas Páirc Thuamhan.
An léachtóir i gColáiste Mhuire gan Smál i Luimneach, an Dr Síle Ní Choincheannain, dúirt sí gur ábhar masla agus náire na comharthaí nua.
"Tá go leor dearúdaí insna comharthaí nua seo ó thaobh Gaeilge agus litriú de. Ní bheadh aon ghlacadh lena leithéid in aon tír eile san Eoraip ó thaobh a dteanga dhúchais de agus níor cheart glacadh anseo leis", arsa sí.
Dúirt urlabhraí ó Oifig an Choimisinéara Teanga go raibh teagmháil déanta ag an oifig le Comhairle Contae agus Cathrach Luimnigh faoin scéal.
Dhearbhaigh an Chomhairle gur chosain na comharthaí nua suas le €12,000 an ceann agus dúirt leis go rabhthas ag plé an scéil leis an gcomhlacht a rinne na comharthaí le súil na dearmaid a chur ina gceart.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ