skip to main content

Ionsaithe buamála déanta ag Iosrael ar dheisceart na Liobáine

Ionsaí buamála déanta ag fórsaí Iosrael ar shráidbhaile Kfar Kila i ndeisceart na Liobáine
Ionsaí buamála déanta ag fórsaí Iosrael ar shráidbhaile Kfar Kila i ndeisceart na Liobáine

Rinne fórsaí Iosrael ionsaithe buamála ar ionaid i ndeisceart na Liobáine ar maidin inniu le cneá oscailte Hezbollah a shailleadh, is cosúil, tar éis do ghníomhairí rúnda Iosrael comhaltaí den eagraíocht sin agus sibhialtaigh a mharú agus a ghortú le bobghaistí le dhá lá.

Inné, maraíodh 20 duine agus gortaíodh tuairim is 450 duine eile nuair a phléasc gairis raidió láimhe le comhaltaí de Hezbollah i bpríomhchathair na Liobáine, Béiriút, agus i nGleann Bheiceá in oirthear na tíre.

An lá roimhe sin, maraíodh dháréag – beirt pháistí ina measc – agus leonadh beagnach 3,000 duine eile nuair a phléasc na mílte glaoire póca le comhaltaí de Hezbollah i mBéiriut, i nGleann Bheiceá agus i ndeisceart na Liobáine.

Is cosúil gur phléasc thart ar 3,000 glaoire nuair a seoladh teachtaireacht chódaithe chucu.

Sochraid chomhalta de Hezbollah a maraíodh i mBéiriút arú inné

Glactar leis gur oll-chibirionsaí a bhí ann agus tuairiscíodh inné go mb'fhéidir gur chuir gníomhairí rúnda Iosrael gairis bheaga phléascacha sna glaoirí sular cheannaigh Hezbollah iad ó chomhlacht atá bunaithe sa Téaváin.

I ráiteas, áfach, thug an comhlacht Gold Apollo le fios nach ndearna siadsan na glaoirí cé go bhfuil branda an chomhlachta orthu.

De réir an ráitis, is comhlacht atá bunaithe i bpríomhchathair na hUngáire, Búdaipeist, a rinne iad.

Gaireas cumarsáide caite uaidh ag an té ar leis é i ndeisceart na Liobáine

Mar leis na gairis raidió láimhe – nó siúlscéalaithe mar a thugtar orthu – tuairiscítear inniu go raibh branda chomhlacht ón tSeapáin orthu.

I ráiteas, ámh, dúirt an comhlacht ICOM gur éirigh siad as na siúlscéalaithe áirithe sin a dhéanamh deich mbliana ó shin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ