Tugadh fear as an Liotuáin os comhair cúirte i nGaillimh inniu agus cúiseanna a bhaineann le cannabas a fhás i dteach i gConamara curtha ina leith.
Sin é Aivarus Briaunys a bhfuil seoladh aige sa Chloch Mhór, Baile na hAbhann, i gConamara.
Cuirtear ina leith go raibh lear mór cannabais ina sheilbh aige Déardaoin seo caite agus é ar intinn aige é a dhíol nó a sholáthar.
Deir na Gardaí go raibh luach suas le €278,000 sa channabas a bhí ag fás sa teach.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ