skip to main content

9 maraithe, 300 leonta tar éis do ghairis raidió pléascadh sa Liobáin

Phléasc ceann de na siúlscéalaithe ag sochraid chomhalta de Hezbollah a maraíodh inné
Phléasc ceann de na siúlscéalaithe ag sochraid chomhalta de Hezbollah a maraíodh inné

Tuairiscítear gur maraíodh naonúr agus gur gortaíodh barr ar 300 duine nuair a phléasc gairis raidió láimhe le comhaltaí den eagraíocht mhíleata Hezbollah sa Liobáin tráthnóna inniu.

Deirtear gur in oirthear agus i ndeisceart na Liobáine agus sa phríomhchathair Béiriút a phléasc na siúlscéalaithe, mar a thugtar orthu.

De réir ghníomhaireacht nuachta na Liobáine, is i nGleann Bheiceá in oirthear na tíre a maraíodh triúr den naonúr.

Phléasc gaireas amháin ar a laghad ag sochraid chomhalta de Hezbollah a bhí ar dhuine de dháréag a maraíodh nuair a phléasc na mílte glaoire póca in áiteanna éagsúla sa Liobáin inné.

Tuigtear gur cheannaigh Hezbollah na siúlscéalaithe cúig mhí ó shin, an t-am céanna a cheannaigh siad na glaoirí póca.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ