skip to main content

'Gairis phléascacha curtha i nglaoirí póca sular cheannaigh Hezbollah iad'

Daoine ag deonú fola i bpríomhchathair na Liobáine, Béiriút
Daoine ag deonú fola i bpríomhchathair na Liobáine, Béiriút

Tá sé deimhnithe ag Rialtas na Liobáine gur maraíodh dháréag – beirt pháistí ina measc – agus gur leonadh idir 2,750 agus 2,800 duine nuair a phléasc na mílte glaoire póca in áiteanna éagsúla sa Liobáin inné.

Ba le comhaltaí den eagraíocht mhíleata Hezbollah an chuid is mó de na glaoirí agus glactar leis gur beart sceimhlitheoireachta de chuid stát Iosrael a bhí ann.

Is cosúil gur phléasc thart ar 3,000 glaoire nuair a cuireadh teachtaireacht chódaithe chucu.

Tá an milleán faoin oll-chibirionsaí comhuaineach á chur go sonrach ar ghníomhaireacht spiaireachta Iosrael, Mossad.

Sochraid Fatima Abdullah, cailín deich mbliana d'aois a maraíodh nuair a phléasc glaoire póca in aice léi i nGleann Bheiceá in oirthear na Liobáine

Dar leis an ngníomhaireacht nuachta Reuters go bhfuil sé á mhaíomh ag foinsí i Rialtas na Liobáine gur chuir gníomhairí ó Mossad gairis bheaga phléascacha sna glaoirí sular cheannaigh Hezbollah iad ón gcomhlacht Gold Apollo atá bunaithe sa Téaváin.

I ráiteas, áfach, thug Gold Apollo le fios nach ndearna siadsan na glaoirí cé go bhfuil branda an chomhlachta orthu.

De réir an ráitis, is comhlacht atá bunaithe i bpríomhchathair na hUngáire, Búdaipeist, a rinne iad.

Tá ceadúnas ag an gcomhlacht úd, dá ngairtear BAC, chun leas a bhaint as branda Gold Apollo, a dúradh sa ráiteas.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ