Tá an tAire Sláinte Stephen Donnelly le cead a iarraidh ar an gComhaireacht na scórtha leanaí tinne a thabhairt as Gaza go hÉirinn le cóir leighis a chur orthu in ospidéil sa tír seo.
Leanaí a bhfuil ailse, aicíd fola nó galar tromchúiseach eile orthu atá i gceist, ach níl leanaí a bhfuil riachtanais ortaipéideacha acu á gcur san áireamh faoi láthair.
Pléifear an scéal i gcruinniú den Chomhaireacht inniu.
Tá an plean á réiteach le roinnt míonna ag Ranna Rialtais éagsúla i gcomhar le lucht leighis agus Cros Dhearg na hÉireann.
De réir an phlean, rachaidh foireann leighis as Éirinn go Gaza le measúnú a dhéanamh ar leanaí tinne agus le tuilleadh eolais a fháil faoina gcuid riachtanas óna muintreacha nó ó dhaoine eile atá ag tabhairt aire dóibh.
Tá sé i gceist thart ar 30 leanbh a thabhairt go hÉirinn roimh dheireadh na bliana agus tuilleadh ina dhiaidh sin.
Tiocfaidh cúramóirí go hÉirinn in éineacht leis na leanaí agus cónóidh siadsan le hoibrithe sláinte a dheonaigh lóistín a chur ar fáil dóibh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ