Tá sé tugtha le fios ag na Gardaí go bhfuil 42 gaireas criptithe le coirpigh sa tír seo tógtha acu le cúpla lá agus go bhfuil na teachtaireachtaí atá orthu á ndíchódú acu de réir a chéile.
Chomh maith leis na gairis áirithe sin, thóg na Gardaí breis agus 100 gaireas leictreonach eile, €15 milliún de dhrugaí, €350,000 in airgead tirim, roinnt criptea-airgeadra agus earraí éagsúla eile mar chuid de mórfhiosrúchán idirnáisiúnta atá ar bun acu i gcomhar le póilíní eile.
Tá aon duine dhéag gafa acu freisin.

Dírithe ar cheithre mhórbhuíon coirpeach atá an fiosrúchán a bhfuil póilíní san Astráil, i gCeanada, sna Stáit Aontaithe agus sa Fhrainc rannpháirteach ann in éindí leis na Gardaí.
Tuairiscítear gur fear a bhí lonnaithe in Sydney san Astrail a bhunaigh an gréasán criptithe a chéaduair.
Tá póilíní san Íoslainn, san Iodáil, san Ísiltír agus sa tSualainn bainteach leis an bhfiosrúchán chomh maith.
D'fhógair na Gardaí inné gur ghabh siad cúigear i gCo Loch Garman arú aréir agus thug le fios gur cor suntasach san fhiosrúchán a bhí ann.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ