Gortaíodh fear nuair a d'ionsaigh madra den phór bulaí XL é i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo caite.
Tharla an t-ionsaí ar Bhóthar Bhéal Átha Seanaidh sa Choill Mhór ag thart ar 11 a chlog ar maidin De Domhnaigh.
Deir na Gardaí gur ceansaíodh an madra agus gur básaíodh é ina dhiaidh sin.
Tá an scéal fós á fhiosrú ag na Gardaí.
Cros-phór atá sa bhulaí XL a bhfuil srianta ag baint leis sa Stát seo.
Tá rún ag an Rialtas tuilleadh srianta a chur air ón 1 Deireadh Fómhair agus cosc iomlán a chur air ón 1 Feabhra an bhliain seo chugainn.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ