skip to main content

Coimisiún Eorpach nua: cúraimí dlí agus cirt bronnta ar Michael McGrath

Beidh Michael McGrath freagrach as gnóthaí dlí agus cirt an Aontais Eorpaigh
Beidh Michael McGrath freagrach as gnóthaí dlí agus cirt an Aontais Eorpaigh

Gnóthaí dlí agus cirt an Aontais Eorpaigh atá curtha de chúram ar an bpolaiteoir as Éirinn Michael McGrath ag Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen.

An Coimisinéir um Dhaonlathas, Cheartas agus Riail an Dlí a theideal oifigiúil.

Agus ceapacháin nua an Choimisúin Eorpaigh á bhfógairt in Strasbourg aici ar maidin inniu, dúirt Ursula von der Leyen gur cúram tábhachtach agus gradamach a bhí sa phost a thug sí do Michael McGrath.

Mar sin féin, is post eacnamaíochta a bhí iarrtha ar son Michael McGrath ag Rialtas na hÉireann, go háirithe ó bhí sé ina Aire Airgeadais roimhe seo.

Thug Ursula von der Leyen le fios, áfach, gur iarr 20 ballstát ar a laghad post eacnamaíochta dá bpolaiteoirí féin agus dúirt nach bhféadfaí gach uile cheann acu a shásamh.

Chomh maith leis sin, arsa sí, is ceannairí polaitiúla iad na coimisinéirí nua seachas saineolaithe teicniúla [ar a gcúraimí nua].

Sa mhéid sin, a dúirt sí, tá na coimisinéirí uile freagrach as polasaithe uile an Aontais Eorpaigh.

Mhol sí Michael McGrath as a raibh bainte amach aige mar cheannaire ar roinn rialtais.

Thréaslaigh an Taoiseach Simon Harris agus an Tánaiste Micheál Martin a phost nua le Michael McGrath.

Dar leis an Taoiseach go ndéanfaidh Michael McGrath éifeacht mhór leis an gcúram a bronnadh air "ó tá na scileanna cuí aige agus ós duine dúthrachtach é".

Is é Valdis Dombrovskis as an Laitvia a ceapadh ina Choimisinéir Eacnamaíochta.

Ceapadh Coimisinéir Cosanta den chéad uair riamh, mar atá, Andrius Kubilius as an Liotuáin.

Is mná iad aon duine dhéag den 27 coimisinéir nua – sin 40% le hais an 22% a bhí sa choimisiún deireanach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ