Tá Coláiste Síciatraithe na hÉireann ag éileamh ar an Rialtas beart a dhéanamh de réir an dlí agus cosc a chur go honnghníomhach ar dhruga leathshaorga a bhfuil ábhar cannabais ann.
Tá an-imní ar na síciatraithe faoin urchóid atá an druga heicseahidreacannaibionól (HHC) a dhéanamh do shláinte daoine óga, go háirithe a meabhairshláinte.
Cé go bhfuil cosc dlíthiúil ar HHC, tá sé le fáil i gcónaí i milseáin agus i ngairis vápála a dháiltear agus a dhíoltar sa tír seo.
Tá HHC an-chosúil le teitrihidreacannaibionól (THC), an t-ábhar gníomhach atá i gcannabas.
Dar leis an Ollamh Bobby Smyth ó Choláiste Síciatraithe na hÉireann gur féidir síocóis agus mearú eile intinne teacht ar dhaoine a ionghabhann HHC.
Thug an tOllamh Smyth le fios go bhfuil méadú an-suntasach tagtha le bliain ar an líon daoine sa tír seo atá ag fulaingt le handúil sa druga seo.
Go deimhin, úsáideoirí HHC is ea 20% de na daoine a iarrann fóirithint ar sheirbhísí andúile na tíre, a dúirt sé.
Mar bharr ar an donas, arsa sé, is minic a úsáideann daoine HHC i dteannta drugaí eile, cannabas ina measc.
Faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Substaintí Sícighníomhacha) 2010, is féidir an dlí a chur ar dhaoine a dhíolann HHC agus tá na síciatraithe ag achainí ar an Rialtas an dlí sin a chur i bhfeidhm ina iomlán gan a thuilleadh moille.
Go ginearálta, dúirt an tOllamh Smyth go bhfuil an cannabas atá ar fáil sa tír seo i bhfad níos láidre anois ná riamh agus go bhfuil meabhairshláinte úsáideoirí níos measa anois ná riamh dá réir.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ