skip to main content

9 maraithe, 2,800 duine leonta tar éis do ghlaoirí póca pléascadh sa Liobáin

Daoine a gortaíodh de bharr na bpléascanna á dtabhairt chun an ospidéil i mBéiriút
Daoine a gortaíodh de bharr na bpléascanna á dtabhairt chun an ospidéil i mBéiriút

Maraíodh naonúr ar a laghad agus leonadh tuairim is 2,800 duine nuair a phléasc na mílte glaoire póca thart ar an am céanna in áiteanna éagsúla sa Liobáin.

Meastar 200 den 2,800 a bheith gortaithe go han-dona.

Glactar leis gur beart sceimhlitheoireachta de chuid stát Iosrael a bhí ann agus gur dírithe ar chomhaltaí den eagraíocht mhíleata Hezbollah den chuid is mó a bhí sé.

Bhí cailín deich mbliana d'aois i measc na marbh agus bhí Ambasadóir na hIaráine sa Liobáin i measc na ndaoine a gortaíodh.

Is cosúil gur i ndeisceart na Liobáine – dún daingean Hezbollah – agus sa phríomhchathair Béiriút is mó a bhí na pléascanna.

Tuairiscítear freisin go raibh glaoirí fós ag pléascadh leathuair an chloig tar éis na gcéad phléascanna.

I gcás amháin, phléasc glaoire ag cuntar siopa agus custaiméir ag íoc bille. I gcás eile, baineadh duine dá bhoinn nuair a phléasc glaoire i margadh torthaí.

D'iarr aireacht sláinte na Liobáine ar gach oibrí leighis sa tír nach bhfuil ar dualgas cheana féin dul chuig an ospidéal is gaire dóibh le lámh chúnta a thabhairt don fhoireann leighis atá ag dul i ngleic leis an éigeandáil.

Glactar leis gur trasnaíocht nó haiceáil de shaghas éigin a rinne na hIosraelaigh ar na glaoirí póca ba shiocair leis na pléascanna.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ